An Fiaclóir Deirdre

Glaoigh Orainn

046 942 8872

Suíomh an Chlinic

An Fiaclóir Deirdre
Ionad Sláinte Átha Buí
Áth Buí
Co na Mí, C15 P3FR

Seol r-phost Chugainn

info@anfiacloirdeirdre.ie

Céad fáilte romhat!

Tá fáilte romhat chuig an gclinic fiaclóireachta seo againne, áit a thugtar tús áite duitse agus an fhiaclóireacht dírithe ar do chuid riachtanas. Is é ár ndualgas cúram fiaclóireachta ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit agus déanann muid ár ndícheall a chinntiú go mbíonn tú ar do chompord le linn na cóireála fiaclóireachta. Déan coinne linn sa chlinic den scoth atá againn.

An Fiaclóir Deirdre logo

Físthuras ar an gclinic ar an leathanach tosaigh

The video coming very soon!

Na Seirbhísí a chuirtear ar fáil

Logo red

Scrúdú Fiaclóireachta

Logo green

Corónacha agus Droichid

Logo green

Sláinteachas Béil

Logo red

Cíor Fiacla

Logo red

Cuasa agus Líonta

Logo green

Gealú Fiacla

Logo green

Cóireáil Cuais Fréimhe

Logo red

Stoitheadh fiacaile

An Fhoireann

Tá ríméad orainn clinic nua fiaclóireachta a oscailt i mBaile Átha Buí. Tá muid lonnaithe san Ionad Sláinte in Áth Buí. Tá ionad nua úrscothach deartha againn le haghaidh ár gcuid othar. Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh!

Dr Deirdre Ní Dhonnchadha

Dr Deirdre Ní Dhonnchadha

An Fiaclóir

Bhain an Dr Deirdre Ní Dhonnchadha céim le honóracha amach i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh agus bronnadh Gradam Noel Ward don Mháinliacht Béil uirthi. Chaith sí dhá bhliain ag obair i gcleachtas príobháideach agus an-taitneamh á bhaint aici as cúram fiaclóireachta a cuid othar agus bronnadh Dioplóma san Chúram Príomhúil Fiaclóireachta uirthi ó Choláiste Máinliachta Ríoga na h-Éireann. Ina dhiaidh sin ghlac Deirdre post mar Dhochtúir Sinsearach Tí le Máinliacht Mascaille agus Béil in Ospidéal Ollscoile Chorcaí, áit a bhfuair sí traenáil agus taithí luachmhar máinliachta faoi stiúir an Ollaimh Duncan Sleeman. Tá Deirdre tiomanta do chúram otharláraithe, ag cur a cuid othar ar a gcompord agus ardchaighdeán fiaclóireachta á sholáthar aici.

Nicole Buckley

Altra Fiaclóireachta & Fáilteoir

Bhain Nicole Buckley a céim amach mar Altra Fiaclóireachta, ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain i 2019. Ina dhiaidh sin chaith sí tréimhse ag obair i gcleachtas príobháideach, sular tháinig sí chomh fada le Baile Átha Buí agus foireann ‘An Fiaclóir Deirdre’. Is duine ar leith í Nicole – duine speisialta a chuireann go mór le taithí na n-othar a bhíonn aici. Éisteann sí go cúramach lena cuid othar agus tá bealach ar leith aici chun iad a chur ar a gcompord.

Déan Coinne Linn Inniu!