Maidir Linne
Fiaclóireacht Ghinearálta, Chosmaideach agus Athchóiritheach
An Dr Deirdre Ní Dhonnchadha
Bhain an Dr Deirdre Ní Dhonnchadha céim le honóracha amach i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh agus bronnadh Gradam Noel Ward don Mháinliacht Béil uirthi. Chaith sí dhá bhliain ag obair i gcleachtas príobháideach agus an-taitneamh á bhaint aici as cúram fiaclóireachta a cuid othar agus bronnadh Dioplóma san Cúram Príomhúil Fiaclóireachta uirthi ó Choláiste Máinliachta Ríoga na h-Éireann. Ina dhiaidh sin ghlac Deirdre post mar Dhochtúir Sinsearach Tí le Máinliacht Mascaille agus Béil in Ospidéal Ollscoile Chorcaí, áit a bhfuair sí traenáil agus taithí luachmhar máinliachta faoi stiúir an Ollaimh Duncan Sleeman. Tá Deirdre tiomanta do chúram otharláraithe, ag cur a cuid othar ar a gcompord agus ardchaighdeán fiaclóireachta á sholáthar aici.
Na Teicnící is Nuálaí
Teicneolaíocht Nuálach
Saineolaithe Teistithe
Cúram Fiaclóireachta don teaghlach ar fad
Is é an rud is deise faoin bhFiaclóireacht Ghinearálta ná go mbíonn fáilte roimh chuile dhuine ann. Tá tábhacht le sláinteachas béil, go fiú mara bhfuil fiacail amháin féin i do bhéal. Cuireann muid comhairle ort maidir leis an gcaoi is fearr duit le cúram a dhéanamh de do chuid fiacla, le go n-éireoidh linn fadhbanna a sheachaint, chomh maith le cóir leighis a chur ort. Tá sé tábhachtach duit go mbeadh gnáthamh sláinteachas béil sainoiriúnaithe agat- ní mar a chéile aon bheirt againn. Tá riachtanais éagsúla againn uile agus tá muid anseo le cúnamh a thabhairt duit.
Páistí ón uair go mbíonn a gcéad fhiacail diúil acu
Páistí
Déagóirí
Daoine Fásta
Is Cleachtadh Fiaclóireachta le Raon Iomlán Seirbhísí atá againne
Déanann muid freastal ar do chuid riachtanas ginearálta fiaclóireachta. Ta muid bródúil as an gcúram otharláraithe a chuireann muid ar fáil- cibé céard iad na riachtanais nó cén sprioc atá agat ba mhaith linn a bheith páirteach leat sa bpróiseas chuige sin. Cuireann muid ardchaighdeán fiaclóireachta ar fáil agus tá muid paiseanta faoi shláinteachas béil. Tá fúinn ár gcuid othar a bheith ar a gcompord, go mbeadh sé éasca agaibh teacht ar cuairt fiaclóireachta chugainn agus go mbeadh sé taitneamhach duit chomh fada agus is féidir sin . Déan coinne comhairliúcháin linn inniu le go bhfeicfidh tú féin an rud ar leith a bhaineann linne.

Scrúdú Fiaclóireachta

Cuasa agus Líonta

Stoitheadh fiacaile
An Fhoireann
Tá ríméad orainn clinic nua fiaclóireachta a oscailt i mBaile Átha Buí. Tá muid lonnaithe san Ionad Sláinte in Áth Buí. Tá ionad nua úrscothach deartha againn le haghaidh ár gcuid othar. Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh!
Dr Deirdre Ní Dhonnchadha
An Fiaclóir
Nicole Buckley
Altra Fiaclóireachta & Fáilteoir
Tabharfar aire mhaith duit!
Ta sé tábhachtach dúinn cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil faitíos roimh fhiaclóireacht orthu.
Tá faitíos ar roinnt daoine cuairt a thabhairt ar an bhfiaclóir. Tá daoine ann a scanraíodh cheana agus a bhfuil sé deacair orthu glacadh le cóireáil fiaclóireachta.
Má tá tusa ar dhuine de na daoine faiteacha sin nó má tá drogall ort dul chuig an bhfiaclóir, déan teagmháil linn. Tá bealach linn chun daoine a chur ar a gcompord, ag obair le daoine ag luas a chuireann ar a gcompord iad, le go mbeidh cóireáil fiaclóireachta éasca orthu agus taitneamhach dóibh.
Cuireann muid comhairliúchán neamh-cliniciúil ar fáil do dhaoine a chuireann an chlinic faitíos orthu. Más maith leat aithne a chur an bhfiaclóir i suíomh neamh-chliniciúil, ceist a chur nó turas a fháil ar an gclinic sula gcinneann tú teacht ar cuairt, tá fáilte romhat sin a dhéanamh.
Is faoin othar atá sé luas an chomhairliúcháin a roghnú. An Nuair atá tú linn is tú an duine is mó tábhacht sa seomra. Inis dúinn céard a fheileann duit nó má chuireann rud as duit agus déanfaidh muid ár ndícheall thú a chur
ar do chompord.
Ma tá riachtanais bhreise agata fhágann é deacair ort teacht chuig an bhfiaclóir cuir ar an eolas muid agus tabharfaidh muid faoi freagairt dóibh.

Déan Coinne Linn Inniu!
Glaoigh: 046 942 8872
An Fiaclóir Deirdre
Ionad Sláinte Átha Buí
Áth Buí
Co na Mí, C15 P3FR
Uaireanta Oscailte
Dé Máirt – Dé hAoine: 9 am – 6.30 pm.
Dé Sathairn & Dé Domhnaigh: Dúnta
Éigeandála
Glaoigh nó WhatsApp