Na Seirbhísí a chuirtear ar fáil

Fiaclóireacht Ghinearálta, Chosmaideach agus Athchóiritheach

Na Teicnící is Nuálaí

Teicneolaíocht Nuálach

Saineolaithe Teistithe

Logo red

Scrúdú Fiaclóireachta

Tá tábhacht le scrúdaithe fiaclóireachta rialta chun sláinte béil agus sláinteachas fiacla béil a chothú. Tugann sé deis don fhiaclóir aon fhadhb a thabhairt faoi deara sula n-éiríonn sé níos measa agus cúnamh a thabhairt chun galar drandail agus cuasa sna fiacla a sheachaint. Tá sé tábhachtach go gcuimhneofá go ndéanann an fiaclóir scrúdú ar an gcuas béil iomlán- ag cinntiú go mbeidh an teanga, na leicne, agus an drandal sláintiúil, go fiú mara bhfuil fiacail ar bith i do bhéal!

Logo green

Sláinteachas Béil

Caithfidh gach duine gnáthamh sláinteachas béil maith a bheith acu sa bhaile chun sláinte maith béil a chothú agus a choinneáil. Leagfaidh muid síos córas ceart duit, idir scuabadh agus úsáid flas fiacla agus tabharfaidh muid cúnamh duit cloí leis an gcóras le go mbeidh cúram ceart á dhéanamh agat de do chuid fiacla agus drandail.

Logo red

Cuasa agus Líonta

Tá cuasa fiacla ar an ngalar is coitianta ar domhan! Caithfear lobhadh na fiacaile a bhaint amach agus ábhar líonta a chur ina áit chun an fhiacail loite a chóiriú i gceart. Is féidir an méid seo a dhéanamh agus tú ar do chompord gan phian sa gclinic sin againne.

Logo green

Cóireáil Cuais Fréimhe

Is féidir go sábhálfaidh cóireáil cuais fréimhe na fiacla ó stoitheadh nuair atá damáiste mór déanta dóibh nó iad a bheith ionfhabhtaithe.

Logo red

Corónacha agus Droichid

Is próistéisí déadacha iad na corónacha agus na droichid a chabhraíonn chun fiacla atá i mbaol a chosaint nó a chur in ionad fiacla atá in easnamh. Tá réimse féidearachtaí ar fáil a d’fhéadfadh do chás a réiteach. Déan áirithint ar sheisiún comhairliúcháin inniu!

Logo green

Cíor Fiacla

Scaití is údar imní ag daoine iad na fiacla atá in easnamh. Tá cíor fiacla ar cheann de na réitigh atá ar fáil chun dul in ionad na bhfiacla, rud a thugann réiteach feidhmiúil , aeistéitiúil agus discréideach ar an gceist. Labhair leis an bhfiaclóir inniu faoi na féidearthachtaí a bhaineann le do chás féin.

Logo red

Gealú Fiacla

Ba mhaith le go leor dár n-othair go mbeadh a gcuid fiacla beagán níos báine agus níos gile- agus is furasta é a sin a dhéanamh . Beag beann ar do phointe tosaithe, is féidir linn an réiteach ceart duitse a leagan síos le go n-aimseoidh tú an sprioc atá agat.

Logo green

Stoitheadh fiacaile

Uaireanta bíonn fiacla ró-dhona agus nach féidir iad a shábháil nó gurb iad na fiacla forais is cúis le pian nach gá a fhulaingt. Má ta gá leis, is féidir linn fiacla a tharraingt nó a stoitheadh agus tú ar do chompord sa gclinic seo againne .

Cúram Fiaclóireachta don teaghlach ar fad

Is é an rud is deise faoin bhFiaclóireacht Ghinearálta ná go mbíonn fáilte roimh chuile dhuine ann. Tá tábhacht le sláinteachas béil, go fiú mara bhfuil fiacail amháin féin i do bhéal. Cuireann muid comhairle ort maidir leis an gcaoi is fearr duit le cúram a dhéanamh de do chuid fiacla, le go n-éireoidh linn fadhbanna a sheachaint, chomh maith le cóir leighis a chur ort. Tá sé tábhachtach duit go mbeadh gnáthamh sláinteachas béil sainoiriúnaithe agat- ní mar a chéile aon bheirt againn. Tá riachtanais éagsúla againn uile agus tá muid anseo le cúnamh a thabhairt duit.

N

Páistí ón uair go mbíonn a gcéad fhiacail diúil acu

N

Páistí

N

Déagóirí

N

Daoine Fásta

Is Cleachtadh Fiaclóireachta le Raon Iomlán Seirbhísí atá againne

Déanann muid freastal ar do chuid riachtanas ginearálta fiaclóireachta. Ta muid bródúil as an gcúram otharláraithe a chuireann muid ar fáil- cibé céard iad na riachtanais nó cén sprioc atá agat ba mhaith linn a bheith páirteach leat sa bpróiseas chuige sin. Cuireann muid ardchaighdeán fiaclóireachta ar fáil agus tá muid paiseanta faoi shláinteachas béil. Tá fúinn ár gcuid othar a bheith ar a gcompord, go mbeadh sé éasca agaibh teacht ar cuairt fiaclóireachta chugainn agus go mbeadh sé taitneamhach duit chomh fada agus is féidir sin . Déan coinne comhairliúcháin linn inniu le go bhfeicfidh tú féin an rud ar leith a bhaineann linne.

Déan Coinne Linn Inniu!

Glaoigh: 046 942 8872

An Fiaclóir Deirdre
Ionad Sláinte Átha Buí
Áth Buí
Co na Mí, C15 P3FR

Uaireanta Oscailte

Dé Luain - Déardaoin: 9 am - 6.30 pm
Dé hAoine: 9 am - 5 pm
Dé Sathairn & Dé Domhnaigh: Dúnta

Éigeandála

087 656 8729
Glaoigh nó WhatsApp