Praghasanna
Tá réimse leathan cóireála ar fáil don teaghlach ar fad. Féach thíos na praghsanna.
Praghasanna faoi réir athruithe
| Seirbhís | Praghas |
|---|---|
| Scrúdú | €50 |
| Scrúdú & Snasú leis an Fiaclóir | €110 |
| Sciúradh agus Snasú leis an Fiaclóir | €75 |
| Sciúradh agus Snasú leis an Sláinteolaí Fiacla | €85 (30 nóim) |
| Plánú Fréimhe (Dianghlanadh) | €85 |
| Sláinteolaí Fiacla (30 nóim) | €85 |
| Radagraf OPG (Lánléargas) | €50 |
| Greimscannán nó Radagraif Pheriapicacha | €10 |
| Líonadh Cumaisc (Bán) | €120 – €180 |
| Líonadh Cumaisc Shnáithíntreisithe | €60 |
| Cóireáil Cuais Fréimhe ar Fhiacail Tosaigh | €400 |
| Cóireáil Cuais Fréimhe ar Fhiacail Leathchúil | €550 |
| Cóireáil Cuais Fréimhe ar Chúlfhiacail | €700 |
| Athchóireáil Cuais Fréimhe ar Fhiacail | €200 |
| Venír Phoircealláin (an ceann) | €650 |
| Cíor Fiacla Aicrileach | €400 |
| Cíor Fiacla Iomlán (Déad) | €800 |
| Cíor Fiacla Crómchóbailt | €950 |
| Cléithín Oíche | €130 |
| Sciath Cosanta Spóirt | €80 |
| Coróin | €750 – €950 |
| Coróin le Posta | €850 |
| Stoitheadh Fiacaile | €120 |
| Stoitheadh Máinliachta Fiacaile | €170 |
| Stoitheadh – Fiacail Forais Íochtarach | €140 |
| Scrúdú – Páiste (3+) | €40 |
| Scrúdú & Glanadh-Páiste | €60 |
| Líonadh ar Fhiacail Diúil | €120 |
| Stoitheadh – Fiacail Diúil | €120 |
| SDF i bhfiacla Diúil | €70 |
| Instealladh Frithrochta (Botox) – Áit Amháin | €180 |
| Instealladh Frithrochta (Botox) – Dhá Áit | €250 |
| Instealladh Frithrochta (Botox) – Trí Áit | €270 |
Polasaí Cealaithe
Iarann muid go dtabharfá réamhfhógra de 24 uair ar a laghad dúinn má chaitheann tú an coinne leis an bhfiaclóir a athshocrú nó é a chur ar ceal. Tugann sé seo seans dúinn an coinne a thairiscint do dhuine éicint eile. Gan an réamhfhógra seo, gearrfar fíneáil de 50EUR ort, a chaithfear a íoc sular féidir leat coinne eile a dhéanamh.
Deimhníonn muid:
Na Teicnící is Nuálaí
Tá muid tiomanta don fhiaclóireacht. Rinne muid dearadh ar an lialann fiaclóireachta seo chun freastal ar an gcineál fiaclóireachta a chleachtann muid. Tá infheistíocht déanta againn i dtrealamh agus sa ghléasra is nua-aoisí atá ann. Tá muid tiomanta do shíor uasdátú scileanna agus leanúint leis an bhforbairt ghairmiúil agus tá muid bródúil as scoth-theicnící fiaclóireachta a chur ar fáil dár gcuid othar. Níl ann ach go bhfuil muid ina thús. Tá rún againn cur leis an réimse seirbhísí chun freastal ar riachtanais ár gcuid othar de réir mar a bheidh borradh ag teacht faoin ngnó.
Teicneolaíocht Nuálach
Is údar bróid againn an lialann fiaclóireachta nua-aimseartha atá againn. Tá sé cruthaithe againn chun tús áite a thabhairt dár gcuid othar. Suigh siar, lig do scíth agus lig don fhiaclóireacht nua-aoiseach tú a chur ar do chompord.
Saineolaithe Teistithe
Is baill muid de Chomhairle Fiaclóireachta na h-Éireann a éilíonn na caighdeáin gairmiúlachta agus cliniciúla is airde ar a chuid ball.
Déan Coinne Linn Inniu!
Glaoigh: 046 942 8872
An Fiaclóir Deirdre
Ionad Sláinte Átha Buí
Áth Buí
Co na Mí, C15 P3FR
Uaireanta Oscailte
Dé Luain - Déardaoin: 9 am - 6.30 pm
Dé hAoine: 9 am - 5 pm
Dé Sathairn & Dé Domhnaigh: Dúnta
Dé hAoine: 9 am - 5 pm
Dé Sathairn & Dé Domhnaigh: Dúnta
Éigeandála
087 656 8729
Glaoigh nó WhatsApp
Glaoigh nó WhatsApp